Gaeilgeoirí - Gníomh A 1 - Radharc A 1

Suíomh na tine chnámh i solas moch. Tá triúr buachaillí ag tarraingt rudaí--móin, seanéadai--go dtí an suíomh. Tá bratach geal atá greamaithe de phíosa mhaide ag duine acu. Fadaíonn siad an tine ach ní lasann siad í. Cuireann síad suas an bhratach.

suíomh site, location
tine chnámh bonfire - cnámh "bone" f2
solas light
moch early
ag tarraingt pulling
móin turf, peat f3
bratach flag
geal bright
tá ... ag duine acu each one has ...
greamaithe grip, attached
píosa piece, bit, patch m4
fadaigh kindle
las light
cuir put
suas up

Agus é seo go léir ag tarlu tagann solas de réir a chéile ar an gcistin. Tagann Jimmy agus Máire isteach. Seasann siad ansin mar a bhead siad ag breathnú ar na buachaillí. Sa deire iompaíonn Máire ón radharc agus téann sí ag réiteach béile.

go léir wholly, entirely, all
é seo go léir ag tarlú while all this is happening
tagann solas light comes
de réir a cheile gradually

Múchtar an solas an dá radharc seo.

múchtar dim

Radharc A 2

Solas láidir ar an gcistin. Tá Máire ag fáil dhá salad faoi réir. Tá an chistin nua, glan ar nós rud eicínt as taispeántas 'ideal homes'. Tá Jimmy ag siúl thart. Blaiseann sé ceann de na salads.

faoi réir at present
thart around

MÁIRE Éist leis sin. Sin é béile na nGaeilgeorí.

JIMMY Cá bhuil mo bhéile-sa?

MÁIRE San oven.

Éist leis sin Stop that

Téann Jimmy agus tógann sé béile amach as an oven. Suíonn sé síos ag an mbord. Breathnaíonn béile Jimmy i bhfad níos blasta ná salad na Gaeilgeoirí

togann takes
suíonn sits, seats
níos blasta tastier

JIMMY Salad tá tú thabairt dóibh anocht?

thabhairt gave
dóibh to them
aríst anocht again tonight

MÁIRE Céard tá mí-cheart le salad?

ceart
right m1 npl -a
bad, ill, evil (negative prefix

JIMMY Oh, deabhal a dhath seans.

deabhal
dath color, appearance
seans chance, luck

MÁIRE Tá sé breá folláin, neart protein is fibre ann.

folláin healthy, wholesome

JIMMY Fibre optics deir sé.
deir says -- pres. of abair

MÁIRE Céard?

JIMMY Tada.

MÁIRE Caithfidh mé cuairt a tabhairt ar Bhríd anocht nó amarach.

caithfidh must
cuairt circuit, round, visit
tabhairt give, bring
cuairt a tabhairt give a visit

JIMMY Bhfuil sí fáil bháis aríst?

fáil getting, finding, capabilitiy
bás (bháis) death, dieing

MÁIRE (Ní thugann sí aon aird ar an ráiteas seo). So tá seans ann go mbeinn oíche as baile. Má bhím caithfidh tusa béile na nGaeilgeoirí a réiteach. Cuimhnigh gur rasher amháin an duine ar maidin anois é.

thugann was giving (past hab?)
aird attention
ráiteas statement


tá seans ann go mbeinn oíche as baile there is a chance I might be away from home tonight
even so (?)
réiteach arrange
cuimhnigh remember
rasher ?

JIMMY Céard faoin ubh? Buíocán do dhuine amháin is gealacán don duine eile?

ubh egg
buíocán yolk
gealacán (egg) white

MÁIRE Níor ardaigh na rátái. Caithfear gearradh siar a dhéanamh áit eicint.

níor (neg. particle)
ardaigh raise, increase
ráta rate
caith spend, consume, wear out
caithfear
gearradh cut, cutting, levy (rate?)
siar to the west
gearradh siar cut-back
a dhéanamh (déan) to do, make
áit place, location
áit eicínt

JIMMY Caithfear.

MÁIRE Níl fhios agam céard a cheapann an Roinn céanna, gur sórt charity atá muid a rith seans. Tá sé alright bheith caint ar cut-backs ach más sin é an scéal é caithfidh a cut-backs muide dhéanamh freisin. Rasher amháin, ubh, tomato agus dhá slice toast. Sin dóthain duine ar bith ar maidin.
Tá Jimmy ag ithe, tógann sé páipéar nuachta agus cuireann sé os a chomhair é.

ceap to fashion, invent, think
roinn share, portion (why cap?)
Roinn department
céanna very, same
Níl fhios agam céard a cheapann an Roinn I don't know what the Department thinks
sórt sort, kind
caint speech
Tá sé alright bheith caint ar cut-backs It is alright to talk about cut-backs
más if, whether
más sin é an scéal é if that is the story
dóthain enough, sufficiency
Sin dóthain duine ar bith ar maidin. That is enough for anybody in the morning.
tógann takes
cuireann puts
os chomhair in front of, opposite
Sin dóthain duine ar bith ar maidin. That is enough for anybody in the morning.

MÁIRE Fiafraíonn mé díom fhéin scaití cén fáth bhfuil mé dá dhéanamh seo. Ag obair in aisce. (Stad beag). Ní bheidh mé as baile ach oíche amháin so níl aon ghá duit aon imní bheith ort faoin dinnéar. Teastaíonn cúpla rud ón siopa ach déanfaidh mé é sin ar ball. (Stad eile). Agus ar son Dé féach a'bhféadfá do bhéal a choinneáil dúnta Jimmy. Dhá chailín dheasa iad. Ná téigh 'seasfóid faoi thada leo maith a'fear. Níl fhios acu sin tada faoi politics, ná creideamh is rudaí mar sin. (Stad eile) Faraor géar dóite nach bhfaigheann tú rud eicínt le déanamh Jimmy. Chuala mé go bhfuil siad 'tóraíocht daoine sa bhfactory nua...

fiafraíonn (fiafraigh) ask [pres. had]
díom (de) from, of (me)
scaití (sing. scaiteamh) times (while)
fáth cause, reason
cén fáth why
Fiafraíonn mé díom fhéin scaití cén fáth [an] bhfuil mé dá dhéanamh seo. I ask myself sometimes why I am doing this.
aisce favor, give
in aisce for nothing
stad stop
stad beag pause
Ní bheidh mé I won't be
as baile from home
need
imní anxiety, concern, fretting
teastaigh be wanted, needed
ón
déanfaidh will do [future]
ar ball a while ago, presently
ar son for the sake of, on behalf of
féach look, examine
féad be able to, ought to
do to, for
béal mouth
coinneáil keeping, maintenance
dúnta closed
ar son Dé féach a'bhféadfá do bhéal a choinneáil dúnta for the sake of God seee that you keep your mouth shut
téigh go
seas stand
'seasfóid foolishness, nonsense
Ná téigh 'seasfóid faoi thada leo Don't be doing any foolishness with them.
Níl fhios acu They don't know
creidamh belief, faith
mar sin in that case
rudaí mar sin things like that
faraor alas
géar sharp
dóite burned, dry, bitter
nach bhfaigheann tú aren't you going to get
rud eicínt le déanamh something to do
Chuala ?
'tóraíocht (ag tóraíocht) needing, pursuing

JIMMY Tógfaidh siad isteach iad is leagfaidh siad amach aríst faoi cheann míosa iad.

tógfaidh siad isteach take them in
mí, gs míosa month
leagfaidh let
Tógfaidh siad isteach iad is leagfaidh siad amach aríst faoi cheann míosa iad. They take them in and they let them out [fire them] again in a month.

MÁIRE Well tá siad déanamh iarracht ar aon nós. Ní tú an chéad duine nó an duine deireanach a leagadh amach ...... gheobhaidh tú nervous má fhanann tú do shuí istigh anseo chuile lá.

chuile
iarracht attempt, effort
déanamh iarracht make an attempt, try
ag iarraidh trying
ar nós in the manner of, like
ar aon nós anyway, in any case
Ní tú an chéad duine nó an duine deireanach a leagadh amach You are not the person or the last let out [fired]
gheobhaidh will get--fut. of faigh--get, find
if
fan stay, wait, remain
suí sitting
do shuí seated, sitting
?

JIMMY Beidh beirt againn ann ansin.
Breathnaíonn Jimmy ar an dáta atá ar an bpáipéar.

beirt againn two of use
Beidh beirt againn ann ansin. Will be two of us here
dáta date

JIMMY Sí anocht Oíche Fhéile Sin Seáin. B'fhéidir go lasfainn bonefire.

las, (subj. lasfainn) light
Sí anocht Oíche Fhéile Sin Seáin. Tonight is St. John's Eve
B'fhéidir go lasfainn bonefire Maybe I will light the bonfire

MÁIRE B'fhéidir nuair a thiocfaidh an Geimhreadh go mbeid a ndóthain le déanamh againn bonfire a choinneáil ar a'teallach.

nuair when, although
thiocfaidh will come (future of tar)
go mbeidh ... againn we will have
ar(a) ndóthain le déanamh our fill to do
coinneáil keeping, maintenance
teallach hearth

JIMMY (Ag breathnú ina thimpeall) Cén teallach?

Ag breathnú ina thimpeall looking around

MÁIRE Go dtuga Dia patience dom. Sin é bhfuil le rá agamsa. Go dtuga Dia patience dom.

Go dtuga Dia patience dom God give me patience
Sin é bhfuil le rá agamsa That's what I have to say

JIMMY Tabharfaidh sé neart dó sin duit.

Tabharfaidh sé neart dó sin duit. He [God] will give you enough

RADHARCA A 3

Tagann an solas suas ar an seomra ranga. Tá Éamonn ina sheasamh ag clár dubh. Na Gaeilgeoirí, Róisín agus Síle ina suí ag deasc.

Tagann an solas suas ar an seomra ranga Light comes up in the classroom
ina sheasamh standing (lit. "in his standing")
clár dubh blackboard
ina suí sitting (lit. "in their sitting")
deasc desk

ÉAMONN Ceacht an lae inniu. "Cuirimis aithne ar a chéile."
Cuireann Éamonn an focal "Aithne" ar an gclár dubh.

cuir put
aithne acquaintance (f4)

ÉAMONN "Aithne". (Stad) Cad is ainm duit?

RÓISÍN Róisín is ainm dom.

EÁMONN Agus cad is ainm duit féin

SÍLE Síle is ainm dom.

EÁMONN Go breá! Go breá! Agus is mise Éamonn. Is mise an máistir. Anois, bhfuil éinne in ann inseacht dom tuige a bhfuil sibh anseo i gConamara?
Stad.

éinne=aon duine
inseacht tell
Cad chuige -- tuige why (pron. tuige)

ÉAMONN Tá sibh anseo ag foghlaim rud eicínt... Róisín? Síle?

rud eicínt
Tá sibh anseo ag foghlaim rud eicínt You'all are here to learn something. (lit. learning something)

SÍLE Gaeilge.

ÉAMONN Go breá. Go breá. Tá sibh anseo ag foghlaim Gaeilge. Abair é Róisín ... tá muid anseo ag foghlaim Gaeilge.

Abair é Róisín Say it Róisín

RÓISÍN Tá muid anseo ag foghlaim Gaeilge.

ÉAMONN Síle?

SÍLE Tá muid anseo ag foghlaim Gaeilge.

ÉAMONN Sin é an fáth a dtugann daoine thart anseo Gaeilgeoirí oraibh. Tá sibh ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim, mar sin, sibhse na Gaeilgeorí. [Is] Gaeilgeoirí ar fad muid ar ndóigh. Ach tá Gaeilge ag chuile dhuine thart anseo...is rud nádúrtha dúinn í an Ghaeilge, ach tá sibhse ina measc ag foghlaim Gaeilge mar sin ar feadh an tSamhraibh is sibhse na Gaeilgeorí. Sórt teideal onórach é ar bhealach. An dtuigeann sibh?

fáth cause, reason
thart about, round
dtugann Gaeileoirí oraibh (tabhairt ar) call you Gaeileoirí (lit. give you [the name] Gaeileoirí)
ina measc in the midst of
mar sin ar feadh an tSamhraibh therefore throughout the summer
onórach honorific
ar bhealach in a way

SÍLE Sea.

ÉAMONN Róisín?

RÓISÍN Tuigeann mé.

ÉAMONN Go breá, Anois, chun tús a chur le rudaí an tráthnóna seo ba maith liom píosa as an léamh. (Tógann sé suas "An tOileánach").
"Bhí laethanta saoire ansin tamll againn agus bliain bhrá chiúin ab ea í agus mórán éisc ag na báid mhóra á tabhairt isteach. Bhí na trí bhád lán go barr an lá seo. Toisc cion na beirte againn de bhí radharc mór sa bhothán de. Sin é an chéad lá agamsa is dóigh liom a scaras ar fad ó cheird an pheata..." Róisín, cé faoi atá mé 'caint?

chun tus a chur to (chun) put a start
laethanta saoire free and easy days
tamall againn time we had
chíun quiet
éisc fish
na bhád mhóra the big boats
á thabhairt isteach to its bringing in--á is a contraction of do a
lán full
go barr an lá end of the day
toisc on account of, because of. FP also has errand, purpose
cion amount, share
de from, off
radharc sight, view
bothán cabin, shed
Sin é an chéad lá agamsa The first day we had
is dóigh liom I suppose
scar separate, part
ceird trade, craft (f2)
peata pet (m4)
scaras ar fad ó cheird an pheata... altogether separated by the trade from being the [family's] pet...
cé faoi atá mé 'caint? What am I talking about?

RÓISÍN I think...

ÉAMONN As Gaeilge. As Gaeilge le do thoil.

RÓISÍN Níl fhios agam.

ÉAMONN Síle? An bhfuil aon bharúil agat-sa cé faoi a bhí an píosa sin?

barúil opinion (f3)

SÍLE Níl.

ÉAMONN Ach tá! Tá! Tóg focal amháin as an bpíosa...éisc...Céard é sin?

Céard é sin? What's that?

SÍLE Fish.

ÉAMONN Sea.
Déannann Éamonn pictiúr d'iasc ar an gclár dubh.

ÉAMONN Anois, focal eile, bád. Céard é bád Róisín?

RÓISÍN Boat.

ÉAMONN Sea.
Déanann sé pictiúr de bhád ar an gclár dubh. Tá Róisín ag tabhairt uillin do Shíle is í gáire faoi Éamonn. Iompaíonn sé thart go tapaidh.

ag tabhairt uillin is giving an elbow (nudging)
í gáire faoi she is laughing about
Iompaíonn sé thart go tapaidh. He turns around quickly

ÉAMONN Cuir an dá fhocal le chéile agus inis dom cé faoi atá an píosa Róisín.

inis dom tell me

RÓISÍN Fishing

ÉAMONN Iascaireacht. Ó Criomhthain was a fine storyteller. Ní bheid a leithéid an aríst. Ó Criomhthain issue throwing you a line to the past girls. To your heritage. You must catch it. It's like a link in a chain. You must become a link or soon there will be no chain. An dtuigeann sibh?

Iascaireacht fishing
Ní bheid a leithéid an aríst. There won't be his like again

SÍLE & RÓISÍN Tuigeann muid.

ÉAMONN Go breá.
Cuireann Róisín a lámh suas.

ÉAMONN Sea Róisín?

RÓISÍN Tá mé ag iarraidh dul...out...amach.

ag iarraidh asking (here, lit. trying)

ÉAMONN Cén áit amach?

Cén áit amach? Where out?

RÓISÍN Amach ag an, an, an toilet.

ÉAMONN As Gaeilge Róisín. As Gaeilge le do thoil. Agus mura bhfuil anseo focal agat go dtí an foclóir.

RÓISÍN Foc.

ÉAMONN Céard?

RÓISÍN Foc. Foclóir.
Téann Róisín ar thóir an fhoccail.

téann goes (pres. of téigh)
tóir look for

ÉAMONN Sea Róisín, tá muid ag fanacht leat.
Tá an focal aici ach níl sí in ann é rá.

ag fanacht waiting
Tá an focal aici ach níl sí in ann é rá She has the word but cannot say it.

RÓISÍN An leic...leic..

ÉAMONNN An leithreas. Abair é, an leithreas.

RÓISÍN An leithreas.

ÉAMONNN An abairt ar fad anois le do thoil.

An abairt ar fad say the whole thing

RÓISÍN An leithreas...

ÉAMONNN Ní hea, "tá mé ag iarraidh dul go dtí..
ag iarraidh dul go dtí asking to go to

RÓISÍN Tá mé agam iarraidh dul go dtí an leathreas.

ÉAMONNN Sea well ní féidir leat dul anois Róisín. Is gearr go mbeidh briseadh againn. Is féidir leat dul ansin. Anois, is í anocht oíche Fhéile Sin Seáin. An tríú lá fichead de Mheitheamh. An bhfuil fhios ag éinne ceard a chiallíonn sé sin?

ní féidir leat dul anois You can't go now
Is gearr go mbeidh briseadh againn We will have a break shortly
An tríú lá fichead de Mheitheamh The 23rd of June
An bhfuil fhios ag éinne ceard a chiallíonn sé sin? Does anybody know what that means?

SÍLE Féile?

ÉAMONN Go maith. Sea. Féile. Féile a bhfuil traidisiún fada ag baint léi. Féile Sin Seáin. Féile in onóir Sheáin. Cuireann páistí bratacha bána sua is lasann siad tine chnámh. Ba mhaith liom cuid de na traidisiún a bhaineann leis an oícha a thaispeáint daoibh anocht. Ach anois, an foclóir. Síle, steal?

ag baint léi connected with
onóir honor
cuireann...sua raise (lit. put up)
bratacha bána white flags (sing. bratach bán)
Ba mhaith liom I would like (copula subj--sameas past?)
cuid part, share, portion
a bhaineann leis connected with
taispeáint exhibit, show

SÍLE Goid.

ÉAMONN Give, Róisin?

RÓISÍN Tabhair.
Leanann na ceisteanna ar aghaidh go rianúil.

lean, pres leanann follow
ar aghaidh facing, forward
rianúil orderly, methodical

ÉAMONN Dance?

SÍLE Damhsa.

ÉAMONN Hat?

RÓISÍN Hata

ÉAMONN Bag?

SÍLE Mála.

ÉAMONN Poet?

RÓISÍN File

ÉAMONN Song?

SÍLE Amhrán.
Téann an solas síos go mall. Cloistear fuaim cartúin ag teacht ó theilifís

téann goes (pres. of téigh)
Téann an solas síos go mall. The light goes down slowly.
clois aut cloistear hear
fuaim sound

RADHARC A 4

Téann an solas suas ar an gcistin. Tá sé ina thráthnóna. Tá Jimmy ina shuí ag faire ar chartúin ar an teilifís. Tá an bord réidh i gcóir tae na nGaeilgeoirí ag Máire. Féachann sí ar an gclog.

ina shuí sitting. Lit "in his sitting"
Tá an bord réidh i gcóir... ag Máire Máire has prepared

MÁIRE Tá siad mall. Wanderáil thart aríst seans.
Breathnaíonn sí ar Jimmy.

mall late
thart around
seans probably, per chance

MÁIRE An mbeidh tú faire ar sin ar feadh a' tráthnóna?

Are you watching that through all the evening?

JIMMY Tá mé faire ar a' news.

I am watching the news.

MÁIRE Dúirt Éamonn linn ag crinníu na mná tí dá bhféadfadh muid chor ar bith é gan a bheith ag faire mórán television nuair a bheadh na Gaeilgeorí istigh. Dúirt sé dá bhféadfadh muid suí ag caint tamall chuile thráthnóna go dtabharfadh sé seans dóibh an teanga a chloisteáil.

Dúirt Éamonn linn Éamonn said to us
ag crinníuat a gathering
na mná tí the women of the hose
dá bhféadfadh muid if we could
é gan a bheith ag faire mórán television without watching much television
nuair when, although, considering, although
a bheadh na Gaeilgeorí istigh the Irish students are inside
chuile ← gach uile gach-each, every. uile-all, every
suí ag caint tamall chuile thráthnóna sit talking every evening
dtabharfadh ← tabhair give
dóibh ← do to them
a chloisteáil -- clois hearing

JIMMY Suífidh muid timpeall ar a' microwave ar ball ag inseacht scéalta fiannaíochta.

suífidh ← suí will sit
timpeall around
ar ball shortly
inseacht narration

MÁIRE Comhrá nádúrtha a bhí i gceist aige. Mar a bheadh, mar a bheadh lánúin ar bith caint le chéile dúirt sé. Rud ar bith ach é bheith i nGaeilge, dúirt Éamonn go...

comhrá conversation
nádúrtha natural
i gceist in question
aige ← ag at it (he)
mar a bheadh as it would be, as if
lánúin married couple
rud ar bith anything
ach but, only (here)
é bheith i nGaeilge it is in Irish

JIMMY Ah dúirt Éamonn, dúirt Éamonn! Tá sé alright ag Éamonn. Ní tithe lóistín atá uaidh Éamonn ach tithe siamsa. Lán le goms ligean orthu gurb é inné inniu agus nach bhfeiceann siad amárach. Hand me down my bodhrán is cuir an television faoin leaba.
tithe lóistín lodging houses
atá uaidh (pron /wai/) ← tá ó what is wanted
Ní tithe lóistín atá uaidh Éamonn ach tithe siamsa. Éamonn does not want any lodging houses except traditional houses.
Lán le goms Full of fools
lig ar .... .... pretending
gurb é inné inniu that yesterday was today
is cuir an television faoin leaba. and put the television under a bed.

MÁIRE Coinnigh ort ag breathnú ar Tom and Jerry mar sin. Níl aon ghá duit ceann do chuid lectures a thabhairt domsa. (Stad. Déanann sí gáire beag) Comhrá nádúrtha! Muise go dtuga Dia ciall duit a dhreatháir!
Cloistear Róisín agus Síle ag teacht isteacht.

MÁIRE Mar a bhfuil sé in am.
Tagann siad isteach.
MÁIRE Tá sibh mall.

RÓISÍN Sorry Máire, chuaigh muid ar an...beach...
MÁIRE Oh chuaigh sibh. Cead agamsa bheith a' cur a mbéile anonn is anall ar feadh an tráthnóna. Anois a chailíní tá agaibh go bhfuil oraibh bheith istigh anseo ar leathuair tar éis a cúig ar a' dot. Seo é an tríú tráthnóna a bhfuil sibh mall. D'fhéadfainn dul ag a' máistir is é a inseacht dó ach ní maith liom é sin a dhéanamh go gcinnfidh an saol orm...
Casann Jimmy as an teilifís go tapaidh agus téann sé amach.