An tAifreann
An Naoú Domhnach Fichead Saor
21 Deireadh Fómhair 2012
Urnaí
A Dhia shíoraí uilechumhachtaigh, deonaigh go gcuirfimid ár dtoil le do thoil féin agus go bhfónfaimid duit le croí gan mheang. Sin é ár nguí chugat trínár dTiarna ...
POBAL: Amen.
An Chéad Léacht
Sliocht as leabhar Ísáia fáidh (53:10-11)
Ba thoil
leis an Tiarna é a bhascadh le breoiteacht.
Má thugann
sé a anam in éiric an pheaca,
feicfidh
sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena laethe
agus
rachaidh toil an Tiarna chun cinn ina lámha.
Tar éis
saothar a anama,
feicfidh
sé an solas agus beidh sásamh air.
á luchtú
féin le hualach a gcionta.
LÉACHTÓIR: Briathar an Tiarna.
POBAL: Buíochas le Dia.
Salm le Freagra (Sm
32)
Freagra: Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna,
de réir an dóchais a chuirimid ionat.
Is dílis é
briathar an Tiarna,
agus is
iontaofa a obair uile.
Is ionúin leis an chóir is an ceart;
tá an
talamh lán de bhuanghrá an Tiarna.
Freagra: Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna,
de réir an dóchais a chuirimid ionat.
Féach, tá
súile an Tiarna ar lucht a eaglaithe,
orthu sin
a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,
chun go
bhfuadódh sé a n-anamacha ón mbás
is go
gcothódh sé iad in am an ghorta.
Freagra: Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna,
de réir an dóchais a chuirimid ionat.
Bíonn ár
n-anam ag feitheamh leis an Tiarna:
is é sin
ár gcabhair is ár sciath.
Tabhair
dúinn do bhuanghrá, a Thiarna,
de réir
an dóchais a chuirmid ionat.
Freagra: Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna,
de réir an dóchais a chuirimid ionat.
An Dara Léacht
Sliocht as
an litir chuig na hEabhraigh (4:14-16)
A
bhráithre, ós rud é go bhfuil ardsagart mór againn atá gafa isteach sna
flaithis, Íosa Críost Mac Dé, coinnímis greim ar an gcreideamh
a admhaimid. An
t-ardsagart seo againne, ní duine é nach dtuigeann dár lagair, mar tástáladh é
fein i ngach slí ar ár ndálana, ach é a bheith saor ón bpeaca. Dá réir sin,
druidimis go teann i leith cathaoir a ghrásta go ndéanfaidh sé trócaire
orainn agus go bhfaighimid uaidh an grásta a chuideoidh linn lá an ghátair.
LÉACHTÓIR: Briathar an Tiarna.
POBAL: Buíochas le Dia.
Alleluia
(Eo
6:63,68)
Alleluia, alleluia!
Is spiorad
agus is beatha iad d’fhocail, a Thiarna; is agatsa atá briathra na beatha síoraí.
Alleluia!
Soisceal
(10:35-45)
SAGART: Go raibh an Tiarna libh.
POBAL: Agus le do spiorad féin.
SAGART: Sliocht as an
Soiscéal naofa de réir N. Marcas.
POBAL: +Glóir duit, a Thiarna.
San am sin tháinig Séamas agus Eoin, clann Zeibidé, chuig
Íosa á rá leis: “A Mhaistir, is mian linn go ndéanfá dúinn cibé ní a iarrfaimid
ort.” Dúirt seisean leo: “Cad ab áil libh a dhéanfainn daoibh?” Agus dúirt
siadsan leis: “Tabhair dúinn go suífimis, duine againn ar do dheis, agus duine
againn ar do chlé, i do ghlóir.” Dúirt Íosa leo: “Níl a fhios agaibh cad atá
sibh a iarraidh. An bhféadann sibh an cupa a ól atá á ól agamsa, agus sibh do
bhur mbaisteadh leis an mbaisteadh lena bhfuilimse do mo bhaisteadh?” Dúirt
siad leis: “Féadaimid.” Dúirt Íosa leo: “An cupa atáim a ól, ólfaidh sibh, agus
leis an mbaisteadh lena bhfuilim do mo bhaisteadh, baistfear sibh; ach maidir
le suí ar mo dheis nó ar mo chlé, ní agamsa atá sin le tabhairt, ach is dóibh
siúd é dá bhfuil sé i ndán.” Ar a chloisteáil sin don deichniúr thosaigh siad
ar a bheith míchéadfach i dtaobh Shéamais agus Eoin. Agus ghlaoigh Íosa chuige
iad agus dúirt sé leo: “Tá fhios agaibh go mbíonn an mhuintir, a shamhlaíonn a
bheith ag rialú na ngintlithe, ag tiarnú orthu, agus a gcuid uaisle ag
smachtúchán orthu. Ach ní mar sin atá an
scéal eadraibhse, ach an duine ar mian leis a bheith ina uasal eadraibh, beidh
sé ina sheirbhíseach daoibh, agus an duine ar mian leis a bheith ina cheann
oraibh, beidh sé ina sclábhaí ag cách. Óir níor tháinig Mac an Duine chun go
mbeifí ag freastal air, ach chun go ndéanfadh sé féin freastal, agus a anam a
thabhairt mar cheannach ar mhórán.”
SAGART: Soiscéal an Tiarna.
POBAL: Moladh duit, a Chríost.
Os cionn na nOfrálacha
A Thiarna Dia, go dtuille na bronntanais a ofrálaimid maithiúnas dúinn inár gcionta agus méadú ar ár ngrá. Go gcuire siad ar ár gcumas ár saol ar fad a chaitheamh de réir do thola-sa. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
POBAL: Amen.
Liotúirge na hEocairiste
[ Breathnaigh ar Paidir Eocairisteach an Lae
]
....
SAGART: Fógraímis rúndiamhair an chreidimh.
POBAL: Gach
uair a ithimid an t-arán seo agus a ólaimid an chailís seo,
Fórgraímid do bhás, a
Thiarna, Íosa, nó go dtaga tú.
.....
Loinneog don Chomaoineach (Sm 32:18-19)
Féach tá súile an Tiarna ar an muintir lerb eagal é, orthu sin a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá, chun go bhfuadódh sé a n-anamacha ón mbás is go gcothódh sé iad in am an ghorta.
Iargomaoineach
Go dté ceiliúradh an Aifrinn seo chun tairbhe dúinn, a Thiarna. Go dtuga sé eolas an bhóthair dúinn chun na bhflaitheas agus go múine dé dúinn conas feidhm cheart a bhaint as conách an tsaoil seo. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
POBAL: Amen