
Beidh ecotopia ar siúl in Eirinn ón 10ú go dtí 24ú
lá di mhí Lughnasa. Is líonra é Gluaiseacht de grupaí timpeallachta
agus grupaí ceart soisialta. Tá na grupaí seo suite ar fad an oilean
- Baile Atha Cliath, Béal Feirste, Corcaigh, Gaillimh, Luimneach,
Sligeach agus Ath Luan. Bhúnadh Gluaiseacht sa bhliain 2000 tar éis
COP6, an coinbhinsiún do athrú clíoma san Háig.
Tá a lán feachtais ar siúl ag Gluaiseacht ag an am
seo - cúpla chinn chun athrú a dheanamh ar stíl bheatha na ndaoine
ionas nach brughann siad romh trom ar an dtalamh, feachtais in aghaidh
tionscal núicleach, táimid go léir ar son iompair ciallmhar,
tráchtáil féaráilte agus cothrom na Féinne ag gach aon duine.
Is é ecotopia an cruinniú samhraidh don EYFA (European
Youth for Action). Tá oifig EYFA i Amsterdam agus is grupa daonlathach
é. Le blianta beaga anuas tharla ecotopia sa Ghearmáin, sa Fhionlainn
agus sa Bhulgáir. Beidh sé ar siúl sa Ukraine an bhliain seo
chugainn. Ach sé an rud is tabhachtaí dúinne - tá sé ar siúl an
bhliain seo i gCo. Chiarrai, in áit álainn, suaimhneach in aice le
loch, i measc na sléibhte. Ceapaimid nach bhfuil aon áit sa tír níos
oiriúnaí (taobh amuigh do mo Chontae Mhaigh Eo!!).
I rith na coicíse beimid ag deanamh ar seacht
ndícheall maireachtaint ar aon dul leis an dúlra ionas go gcuirfí
isteach chomh lú agus is feidir ar ár dtimpeallacht. Gach lá beidh
ranganna ar siúl agus rudaí eagsula á ndeanamh againn. Beimid ag
foghlaim faoi an timpeallacht, feirmeoireacht orgánach, foirgníocht
éiceolaíocht, céartaí siosailta agus rudaí eile.
Tá a lán daoine ag iarraidh dúinn na ranganna seo a
thabhairt. Má tá suim agat in aon ábhar a mhúineadh nó a fhoghlaim
cuir glaoch orainn 086 3097622.
Tá súil againn go mbainfeadh cách usáid as córas
iompair nach bhfuil romh dian ar an domhain - mar shampla rothar, traen
nó bus. Beidh turas rothair ar siúl roimh ecotopia. Tosfaidh sé i
nDover ar an 17ú lá de mhí Iúil agus sroicfidh sé go Co. Chiarraí
ar an chéad lá den cruinniú (téigh go dtí www.thebiketour.net
<http://www.thebiketour.net>). Beidh grupaí ag teacht ó
áiteanna eagsula ar fud na hEorpa. Má tá tú ag teacht ó tír
áirithe, b'fheidir go mbéimid abalta teagmháil a dhéanamh le grupaí
eile san áit ceanna.
Tá mailing list againn - níl an post an-trom agus má
tá suim agat páirt a glacadh leis an eagraíocht ceangail an liosta
seo ag ecotopia2002-subscribe@topica.com.